Monthly Archives: October 2020
Bhí ann craic againn i Rang a dó. Rinne gach duine cinneadh gléasadh suas agus dá bharr an iarracht iontach a rinne siad ar fad, shocraigh muid gur cheart dúinn ‘catwalk’ ceart a dhéanamh…
Le cúpla seachtain anuas bhí Rang a 4 ag obair go dian ar ár bhfíseán eolaíochta don chomórtas Reel Life Science i mbliana. An uair seo, breathnaíonn muid ar an gcroí agus cén chaoi a oibríonn sé. Bain sult as!
Bhaineamar an-taitneamh as foghlaim faoi spás, plainéad, réaltaí agus roinnt mhaith rudaí eile… Céad rud maidin Dé Luain thaispeáin Caoimhín de Bhailís ó Blackrock Observatory i gCorcaigh cén plainéad gur féidir linn feiceáil san oíche faoi láthair agus d’fhreagar sé na mílte ceisteanna a bhí againn! Níos déanaí sa seachtain […]
Bhaineamar an craic as an mata i rith seachtain mata. Roinnt samplaí: Ag fáil amach cé comh mór is atá rudaí móra éagsúla… Breagáin mhata agus cluichí cártaí sa seomra ranga:
Is mór an trua nach féidir linn Seó na Samhna a reáchtáil i mbliana ach seo daoibh taifead de Rang 3 ag canadh meascra amhráin – tá glórtha breátha binne acu! Chuir mé isteach roinnt grianghraf de chuid den obair a rinneamar go dtí seo ó thús na scoilbhliana. Ba […]
Chaith muid roinnt mhaith ama ag obair ar an fhíseán seo agus tá muid thar a bheith bródúil as! Is laochra eolaíochta í Maria Sybilla Merian a bhí an tógtha le feithidí (cosúil linne!). Níl mórán aithne ag daoine uirthi na laethanta seo agus shocraigh muid é sin a athrú […]
Agus Oíche Shamhna buaite linn chruthaigh muid pumpcíní. Ansin thug muid ainm agus guth dóibh agus thus gach uile cheann teachtaireacht don rang – cuid acu deas, cuid acu scantriúl!
Thapaigh muid an deis leis an aimsir deas agus cailc againn chun ár gcuid ealaín a dhéanamh amuigh sa chlós – an-chraic! Comh-oibriú agus cruthaicheas den scoth fresin.
Seachtain na Matamaitice a bhí ann an tseachtain seo caite. D’fhoghlaim rang a haon faoi chártaí imeartha i nGaeilge agus d’imríomar cluichí faoi. Táimid ag súil le cluichí cártaí eile a imirt i nGaeilge go luath. Freisin, ligeamar orainn gur fir na gcrúb muid!: