Gugalaí-Gug
Gugalaí-gug, mo chircín dubh,
Suíonn sí síos is beireann sí ubh
Ubh inné is ubh inniu,
Gugalaí-gug, mo chircín dubh
Is Mise an Madra
Is mise an madra, Bhuf, bhfuf, bhuf!
Is mise an chearc, Tuic, tuic, tuic!
Is mise an bhó, Mú, mú, mú!
Is mise an coileach, Coc-a-dúdal-dú!
Sín do Lámha
Sín do lámha
Suas thar do cheann
Cas thart timpeall
Uair amháin.
Déan luascadh beag,
Anonn is anal
Síos leis na lámha
Síos go mall.