Chuir na gasúir síolta biolair an Luan seo caite agus féach orthu anois! Is féidir le síolta biolair fás gan ithir ach tá solas na gréine agus uisce ag teastáil uatha. Chuireamar na síolta in olann chadáis. Táimid ag súil go mór leis an mbiolar a chur inár gceapairí.
Monthly Archives: April 2018
An obair ar siúl ag Rang 2 faoi láthair le cré. Diosca álainn déanta inniu ag baint taitneamh as uirlisí cré a úsáid chun patrún a cruthú .
Fuair muid uasdátú ón ealaíontóir Fiona – tá “Tairseach an Eolais” ag teacht le chéile go hiontach! Tá muid ar fad ag súil go mór leis an bpíosa ealaíne a fheiceáil!
Bhain muid an taitneamh as ár cuairteoir spesialta an tseachtain seo mar cuid den sraith Aoieanna Aibreáin eagraithe ag an gCoiste Gaelbhratach. Tháinig an Doctúir Cornelia Ní Chonghaile chun labhairt linn faoin saol san Ollscoil.
I nGaelscoil Riabhach tá muid thar a bheith brodúil as an éagsúlacht idir daltaí agus foireann. Is cúis ceiliúradh é agus foghlaimaíonn muid ar fad go leor ó am a chaithimh le daoine ó culraí difriúla. Bhain muid an Brat Buí amach roinnt bliana í shin – duais a dtugtar […]
Tar chuig an siopa scoile gach Luan, Céadaoin agus Aoine! Tá siopadóirí den scoth againn! Shocraigh an coiste gaelbhrataí a bheith i gceannas ar an siopa scoile agus cuirtear fáilte roimh chách! Bíonn an siopa oscailte ó 8:40am – 9:00am.
Rinne rang a trí turgnamh le fáil amach cén tionchar a bhíonn ag teas ar aer. Bhí na torthaí an-shuimiúil. Líon na daltaí isteach bileog oibre ina dhiaidh chun machnamh a dhéanamh ar an méid a d’fhoghlaim siad:
Bíonn scata ó na hardranganna ar chlós na naíonán ag spreagadh na naíonán agus ag labhairt i nGaeilge leo. Maith sibh féin:
Seo an nuacht is déanaí ónár gcairde Fiona agus Liz faoin bpíosa ealaíne atá á dhéanamh acu dúinn! Déan clic ar na naisc le léamh faoi. Here are some updates from our artist friends Fiona and Liz who are busily working on our school’s Percent for Art project! Click on […]