D’éirigh go hiontach lenár bhfoireann eitpheile, Na Tíogair! Bhuaigh siad an comórtas réigiúnda Spikeball! Mar sin, don tríú uair i gceithre bliana, d’éirigh le Gaelscoil Riabhach comórtas Uile-Éireann a bhaint amach. Is éacht é sin do Ghaelscoil Riabhach, agus caighdeán fíor-ard imeartha ag na gasúir. Our Spikeball team Na Tíogair […]
Daily Archives: March 23, 2018
Bhreathnaigh muid ar phortráidí de chuid Andy Warhol le déanaí. Ansin rinne muid ár gcuid phortráidí féin sa stíl céanna. Seo cuid acu – breathnaíonn siad go hiontach!
Bhí Rang 5 agus 6 an-ghnóthach le déanaí ag ullmhú don bhFéile Scoildrámaíochta lenár ndráma féin – “An Meaisín Ama”! Seo cuid d’ár scoláirí ar an ardán i nDroichead an Chláirín cúpla seachtain ó shin!
San Eolaíocht, bhí muid ag foghlaim faoi mhúcas agus na cineálacha mucais a dhéanann ainmhithe éagsúla ar nós seilidí, drúchtíní agus cailligh (hagfish) – go hálainn! Ansin, rinne muid ár gcuid múcais féin – stuif tanaí, tiubh, greamaitheach agus sleamhain – ag braith ar cé mhéad de gach comhábhar a […]
Cúpla seachtain ó shin, ghlac Rang 4, 5 agus 6 páirt i gcluichí rugbaí cairdiúla. Rinne muid seisiúin traenála ar scoil chun na scileanna a fhoghlaim. Thaitin sé go mór le gach duine!
Bhí an-lá againn anseo i nGaelscoil Riabhach agus b’álainn an radharc na páistí a fheiceáil gléasta suas. Labhraíomar i mbeirteanna faoinár leabhair agus is dócha go bhfuilimid níos spreagtha fós ó thaobh na léitheoireachta de. Bhí sé go deas múinteoir a fheiceáil agus é gléasta suas freisin!
Bhain rang a trí agus naíonáin bheaga an-tairbhe agus an-taitneamh as seisiún léitheoireacht roinnte ar maidin. Bhí sé go hálainn iad a fheiceáil ag labhairt i nGaeilge, ag éisteacht lena chéile agus ag léiriú measa dá chéile. Bhí an comhoibriú eatarthu thar moladh beirte. Mo ghraidhin sibh!