Chun deireadh a chur le tréimhse ag foghlaim faoi cairdeas agus bulaíocht rinne muid roinnt drámaíocht chun chinntiú go raibh na téarmaí againn go daingean. Sa drámaíocht (agus teangacha) tá muid ag obair ar scéalta a thaispeáint trí pictiúrí reoite. Seo chugaibh cúpla sampla.
Daily Archives: February 4, 2018
Tá muid tar éis an-chraic a bheith againn ag foghlaim damhsa i mí Eanáir. In ionad dul ag an halla uair amháin sa seachtain rinne muid cinneadh é a dhéanamh sa seomra ranga uair nó dhó chuile lá. Mar sin bhí muid thar a bheith gníomhach ag foghlaim dhá damhsa […]
D’fhoghlaim rang a trí go leor faoi chairdeas agus frithbhulaíocht le déanaí. Ar ndóigh, tuigimid gur maith an rud é ár dtuairimí a phlé lena chéile, fiú muna aontaímid lena chéile an t-am ar fad! Mar sin, bhí díospóireacht siúlóide againn maidir le gnéithe den bhulaíocht agus den chairdeas. Ina […]
Chumamar ár gcluichí féin le déanaí. Bhaineamar an-taitneamh as an gceann seo. Bhí orainn oibriú le chéile chun focail nó litreacha a chruthú lenár gcoirp. Meastú an mbeidh tú in ann iad a oibriú amach ó na grianghraif seo thíos?