Tá páistí Rang a hAon chomh bródúil gur éirigh leo rith chomh fada le Páras mar chuid den Bhrat Gníomhach. 905km a ritheamar san iomlán! Mar cheiliúradh beag bhí croissants againn agus iad tuillte go maith acu. Bravo!
Monthly Archives: February 2018
Mar chuid den obair i gcóir an brat gníomhach le déanaí thug Múinteoir Áine tasc dúinn rith go dtí an Bheirlín. Ní raibh orainn dul thar lear dár ndóigh ach rith timpeall an chlós uair amháin do gach km idir Baile Locha Riach agus Beirlín. Chríochnaigh muid ár 1,472 cuairt […]
D’fhoglaimíomar faoin tábhacht a bhaineann le hathchúrsáil agus le hathúsáid. Léigh cailín sa rang faoi shiopa babhtála agus í ag léamh ar scoil. Mar sin, thóg cuid againn rudaí nach raibh ag teastáil uainn a thuilleadh isteach ar scoil. Chuireamar ‘siopa’ ranga le chéile agus ar ndóigh, bhí siopadóirí den […]
Chun deireadh a chur le tréimhse ag foghlaim faoi cairdeas agus bulaíocht rinne muid roinnt drámaíocht chun chinntiú go raibh na téarmaí againn go daingean. Sa drámaíocht (agus teangacha) tá muid ag obair ar scéalta a thaispeáint trí pictiúrí reoite. Seo chugaibh cúpla sampla.
Tá muid tar éis an-chraic a bheith againn ag foghlaim damhsa i mí Eanáir. In ionad dul ag an halla uair amháin sa seachtain rinne muid cinneadh é a dhéanamh sa seomra ranga uair nó dhó chuile lá. Mar sin bhí muid thar a bheith gníomhach ag foghlaim dhá damhsa […]
D’fhoghlaim rang a trí go leor faoi chairdeas agus frithbhulaíocht le déanaí. Ar ndóigh, tuigimid gur maith an rud é ár dtuairimí a phlé lena chéile, fiú muna aontaímid lena chéile an t-am ar fad! Mar sin, bhí díospóireacht siúlóide againn maidir le gnéithe den bhulaíocht agus den chairdeas. Ina […]
Chumamar ár gcluichí féin le déanaí. Bhaineamar an-taitneamh as an gceann seo. Bhí orainn oibriú le chéile chun focail nó litreacha a chruthú lenár gcoirp. Meastú an mbeidh tú in ann iad a oibriú amach ó na grianghraif seo thíos?