Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Boinn Airgid do na Iaguair!

Inné, chuaigh ár bhfoireann eitpheile go Luimneach le páirt a ghlacadh i gcomórtas uile-Éireann sa Spikeball. Bhí ocht bhfoireann sa gcomórtas measctha, ó chuile chearn den tír ag iarraidh craobh na hÉireann a bhaint, agus caighdeán iontach ard thar na foirne ar fad. Tar éis lá fada, d’éirigh lenár bhfoireann, Na Iaguair, dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann! Bhí cluiche an-ghar acu in aghaidh Clár na Gaillimhe agus d’éirigh le Clár na Gaillimhe an cluiche a bhuacan le 3 phointe. Cé go raibh díomá orthu, bhí an-bhród orthu boinn airgid a ghlacadh ar son Ghaelscoil Riabhach! Agus tá pobail na scoile an-bhródúil astu freisin.

 

 

%d