Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Gradam Eolaíochta Chanelle

Glacann scoláirí meanscoile Bhaile Locha Riach páirt i nGradam Eolaíochta Chanelle chuile bhiain.  Is ócáid mhór í agus is onóir mhór í don deichniúr a chuirtear ar an ngearrliosta. I mbliana, as an deichniúr sin bhí ceathrar iarscoláirí de chuid na Gaelscoile, chomh maith le buachaill eile le deirfiúr bheag i Rang 1! Tá gach duine i bpobal na scoile thar a bheith bródúil as ár gcuid iarscoláirí agus an-sásta iad a fheiceáil ag fás aníos mar dhaoine óga misniúla. Gach rath orthu amach anseo!

An ceathrar iarscoláirí a bhain duaiseanna ag Gradam Eolaíochta Chanelle le M. Dora agus M. Brian. Comhghairdeas le Eva De Priondragás, Caron Ní Riain, Laura Ní Dhúill agus Amy Ní Chinnéide!

 

2 thoughts on “Gradam Eolaíochta Chanelle”

Comments are closed.

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading