Tá an coiste gaelbhrataí ag taisteal go Baile Átha Cliath amárach chun gaelbhratach bhreá chorcra a fháil don scoil. Tá go leor oibre déanta ag an gcoiste. Tá Aíonna Aibreáin fós ar siúl sa scoil agus muid ag súil go mór leis an gcéad chuairt eile. Gaeilge abú!
Daily Archives: April 26, 2016
2 posts
Tháinig Séamus Ó Coileáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ar cuairt chuig rang a trí inniu. Thug Séamus cóipeanna don rang de na fabhalscéalta a d’aistrigh mic léinn faoina chúram. Chuir daltaí an ranga go leor ceisteanna ar Shéamus agus bhí Séamus breá sásta gach […]