Tháinig an banna ceoil ‘The Clockworks’ chugainn ar an Aoine seo caite. Bhailigh na daltaí ar fad taobh amuigh chun éisteacht leo. Is iar-scoláirí iad. Bhí an scoil ar fad faoina ndraíocht:
Daily Archives: April 25, 2016
Tháinig an dearthóir graificí Sinéad Ní Chadhain ar cuairt chuig rang a 4, rang a 5 agus rang a 6. D’oibrigh Sinéad le TG4 agus anois tá a comhlacht féin aici. Chuir na daltaí go leor ceisteanna éagsúla uirthi agus bhreathnaigh siad ar a cuid saothar:
Tháinig aoí speisialta ar cuairt chuig naíonáin bheaga. Chuir duine de na páistí an t-ainm Lutherina uirthi. Ar ndóigh, ní raibh an t-uan in ann labhairt i nGaeilge ach rinneamar go leor cainte fúithi ina dhiaidh! Táimid an-bhuíoch go raibh an t-am aici teacht isteach chugainn:
D’eagraigh an coiste gaelbhrataí Aíonna Aibreáin arís i mbliana. Tagann aíonna chun na scoile i mí Aibreáin chun labhairt faoina spéiseanna, a bpoist nó a gcaitheamh aimsire. Léiríonn siad nach ábhar scoile amháin í an Ghaeilge agus gur teanga beo beathach í, ar ndóigh. Chuir an scéalaí Phil Ó Cuimin […]