Monthly Archives: September 2015
Tá rang M. Brian tar éis físeán a dhéanamh le haghaidh an comórtas “Reel Life Science”. Is beochan nó “stop motion animation” é. Ta an fhuaim curtha leis anois freisin! Our video for the “Reel Life Science” competition – now with sound! [media id=83]
Mar chuid de Chroí na Scoile d’fhoghlaim rang Múinteoir Maria faoin Athbhliain Giúdach inniu. D’itheamar úlla agus mil mar a itheann na Giúdaigh chun Rosh Hashanah a cheiliúradh.
D’fhoghlaim naíonáin bheaga (rang Múinteoir Maria) na focail ‘cailín’ agus ‘buachaill’ an tseachtain seo. Dár ndóigh, is fíor annamh nach mbíonn na buachaillí agus na cailíní le chéile.
Bímid ag comhoibriú lena chéile i seomra na naíonán chun pictiúir mhóra agus cinn bheaga a rangú. Chomh maith leis sin, ghearramar amach pictiúir agus scoilteamar iad de réir dath mar is féidir a fheiceáil ar bhalla an tseomra ranga.
D’fhoghlaim naíonáin bheaga (rang Múinteoir Maria) faoin lá agus an oíche inniu. Chuireamar pictiúir de ghníomhaíochtaí lae agus de ghníomhaíochtaí oíche le chéile i ngrúpaí. Anois, tá toradh ár saothar le feiceáil ar an mballa sa seomra ranga.
Bhí rang a 3 ag peinteáil an tseachtain seo caite. Bhí sé bunaithe ar Vincent Van Gogh -Péintéir Iar-impriseanaíoch. Nach ndéarfá go bhfuileadar chomh maith le Van Gogh? Maith sibh
Tá rang M. Brian ag foghlaim cén chaoi leadóg a imirt le haghaidh Corpoideachas. Seo cúpla pictiúr ón gcéad lá a bhí muid ann – lá deas grianmhar a bhí ann!