Monthly Archives: June 2015
Bhí múinteoir Elaine linn an mhí seo agus d’fhoghlaim muid go leor rudaí faoin Spás agus Maighnéadachas. Táimid ag foghlaim faoin Samhradh anois agus seo tús ár gcuid saothair!
Le déanaí, bhí an Dr Anna Nic Con Iomaire agus an teiripeoir urlabhra Carmel Ní Chualáin ar cuairt againn. Bhain na páistí an-taitneamh as a bheith ag éisteacht leo agus bhí neart ceisteanna acu d’Anna agus Carmel.
Léamar scéál faoi choimhthígh (nó ‘arrachtaí’). Ansin, dhearaíomar ár gcoimhthígh féin ag baint úsáide as péint, ábhair éagsúla agus blúire samhlaíochta.
Nuair a bhíomar ag foghlaim faoin teilifís sa Ghaeilge shocraíomar ár dteilifíseáin chré féin a chruthú lenár lámha. Nuair a bhí siad tirim, phéinteálamar iad.
Baineann grúpa difriúil úsáide as an ríomhaire gach maidin. Imrímid cluichí matamaiticiúla air. Táimid ag fáil an-cumasach dá bharr.
Bíonn stáisiúin mhatamaitice againn gach maidin. Uaireanta bíonn ár smaointí féin againn faoi céard le déanamh. Seo sampla de ghníomhaíocht a chum triúr daltaí. Shórtáil siad gach rud de réir dath agus chuir siad na béireanna beaga ag seasamh ar na dathanna cuí. Bíonn comhoibriú den scoth le feiceáil gach […]