Chuir muid dhá fhoireann isteach i gcomórtas eitpheile an chontae an tseachtain seo, ceann sa chomórtas measctha agus ceann i gcomórtas na mbuachaillí. D’éirigh go rí-mhaith linn! D’éirigh leis an bhfoireann mheasctha dul chomh fada leis an gcluiche leath-cheannais.
Agus bhuaigh foireann na mbuachaillí a gcluichí ar fad! Anois is seaimpíní na Gaillimhe iad, agus rachaidh siad ar aghaidh go dtí an comórtas réigiúnach ar son na Gaillimhe!
Seo iad ár gcuid imreoirí!

One thought on “Comórtas Eitpheile – Seaimpíní na Gaillimhe!”
Maith sibh leaids! D’eirigh thar cionn libh. Is dóigh liom go mbeidh na cluifí Chonnachtach ar siúl go luath i Mí an Mhárta!