Tháinig an chéad shicín scoile amach ar maidin. Tá dhá cheann eile ag briseadh amach faoi láthair. Cén t-ainm gur chóir a chur air/ uirthi? Scríobh freagra ar an mblag.
Yearly Archives: 2014
Tá na huibheacha sa ghorradáin lasmuigh den oifig. Inniu an 14ú lá dóíbh a bheith ann. Is fada linn go dtiocfaidh na sicíní amach.
Mainistir Iosaf Naofa – Cnoc Cairmil An tseachtain seo chaite chuaigh muid chuig an Mainistir suas baile agus bhuail muid leis an tSiúr Mary Magdalene. Chuir muid cúpla ceisteanna uirthi. Dúirt sí linn nach gceiliúrann siad breithlaethanta, ach piocann siad naomh a thaitníonn leo, agus ceiliúrann siad lá an naoimh […]
Seo chugaibh dhá phodchraoladh nua de chuid Raidió Riabhach! Ar dtús, sceitse a scríobh páistí R4 don chomórtas Raidió Sheachtain na Gaeilge. Ta ainmhithe ag dul amú, ach cé atá freagrach? Seo é an Táin Bó Spáis! [media id=48 height=20] Agus anseo, chuir muid agallamh ar an Easpag Seán Ó […]
Tháinig cuairteoirí chuig na Naíonáin cupla seachtain ó shin. Bhí an-spraoi againn ag breathnú ar an treallamh ar ar fad a bhí acu agus ag foghlaim conas a bheith sábhailte timpeall ar thinte.
Bhí na Naíonáin mhóra ag foghlaim faoin saol ré a bhíonn ag froganna. Thug cailín amháin síol frog isteach san rang chun go mbeadh seans againn ar fad iad a fheiceáil.
Le déanaí bhí muid ag obair ar airgead agus ar am. D’éirigh go hiontach leo. An bhfuil a fhios ag éinne cén mhéad cent atá i Euro amháin? Cén mhéad nóiméad i uair a chloig?
Ghlac páistí na scoile páirt sa mhórshiúil i mBaile Locha Riach inné do La ‘le Pádraig. Bhí bratacha ag na páistí móra agus bhí na Naíonáin ag damhsa. Thaitin ár ngrúpa go mór le chuile dhuine agus bhuaigh muid duais mar an grúpa is fearr!