Thug muid cuairt ar an teach altranais inné. Bhuail muid le an-chuid daoine suimiúla. Chan muid ‘Lá Breithe Sona’ do Bhríd a thug 100 bliain d’aois léi Dé hAoine seo caite. Bhain muid an-chaint as Liam freisin, atá mar duine de na cainteoirí dúchasacha deireanacha dá ghlúin a tógadh le Gaeilge ar Eachréidh na Gaillimhe. Go mbeire bliain ó inniu faoi luisne na sláinte iad ar fad.