Is as Inis Oírr do mham Eoin i R4, agus tháinig sé ar scoil le gaineamh ón trá ar an oileán le cur faoin micreascóp. Breathnaíonn sé an-suimiúil. Seo cúpla pictiúr a ghlac muid. Ansin scríobh muid tuít ar chuntas Twitter na scoile ag taispeáint na pictiúir, agus d’fhreagair Aoibhinn […]
Monthly Archives: January 2014
Bhí Lá na Seanóirí ar siúl i rith na míosa agus thaitin sé go mór linn a bheith ag labhairt leis na cuairteoirí ar fad!
‘Tús maith; leath na hoibre.’ Ar ndóigh, tá tús maith bainte amach ag na naíonáin bheaga san ath-bhliain. D’fhoghlaimear faoi ‘Shogatsu’ agus rinneamar iarrachta scríbhneoireacht seapánach a léiriú go healaíonta: Táimid ag foghlaim faoi dátaí na míosa le cabhair ónár gcrann ranga. Gach lá cuirimid duilleog eile ar an […]
Tá na páistí an-gnóthach faoi láthair. Tá siad ag obair ar deicheanna agus aonaid. Tá siad ag déanamh a gcuid cearnóga céad féin agus chomh maith leis sin tá siad ag déanamh daingniú ar a gcuid táblaí.
Bhíomar ag foghlaim faoi cruthanna 2T agus 3T le coicís anuas. Inniu rinne muid cruthanna le cipíní agus tac gorm.
Ar an gCéadaoin seo caite tháinig roinnt mhaith seanóirí ar chuairt chugainn. D’inis siad roinnt scéalta dúinn faoi nuair a bhí siad níos óige agus an chaoi gur chaith siad a saol. Rinne siad cur síos ar an chaoi go ndeachaigh siad ar scoil, an chaoi go raibh ar an […]
Ar an Máirt seo caite tháinig rang 5 isteach chugainn chun scéalta gaeilge a léamh duinn. Bhain muid an-sult as agus táimid ag súil go mór leis an Máirt seo chugainn.
Roimh na Nollag chuaigh muid síos chuig an leabharlann. Léigh an leabharlannaí scéal duinn faoi eilfint a bhí cairdiúil le cat beag. Bhí an scéal an-mhaith agus thaithin an turas go mór linn.