Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Mí Eanáir i seomra na naíonán

‘Tús maith; leath na hoibre.’ Ar ndóigh, tá tús maith bainte amach ag na naíonáin bheaga san ath-bhliain.

D’fhoghlaimear faoi ‘Shogatsu’ agus rinneamar iarrachta scríbhneoireacht seapánach a léiriú go healaíonta:

Ath-bhliain faoi mhaise duit.
Ath-bhliain faoi mhaise duit.

 

Táimid ag foghlaim faoi dátaí na míosa le cabhair ónár gcrann ranga. Gach lá cuirimid duilleog eile ar an gcrann. An féidir leat oibriú amach cén dáta ar a tógadh an grianghraf seo?

Cé mhéad duilleog ar an gcrann?
Cé mhéad duilleog ar an gcrann?

D’fhoghlaimear faoi sean-rudaí agus rudaí nua inár gceachtanna staire agus d’oibríomar i ngrúpaí chun rudaí a sórtáil faoi na teidil ‘sean’ agus ‘nua.’

Ag oibriú lena chéile.
Ag oibriú lena chéile.

Thógamar isteach sean-bhreágáin le taispeáint don rang agus bhí seisiún spéisiúil ‘Taispeáin is inis’ againn sa rang:

Páistí óga le sean-bhréagáin.
Páistí óga le sean-bhréagáin.

 

Phéinteáileamar postaer daite le chéile chun comhartha fáilte a chruthú don doras. Tá ár gcuid obair ghrúpa ag feabhsú an t-am ar fad:

Orlaigh agus Rhianna comhoibriú (Medium) IMG_0654 (Medium) IMG_0652 (Medium) Ben 10 - comhoibriú (Medium)Táimid ag súil go mór le mí iontach eile amach romhainn agus idir an dá linn, leanaimid orainn a bheith ceanúil ar a chéile:

 

 

 

 

%d bloggers like this: