Chonaic muid cúpla éan taobh amuigh inniu – éin a chonaic muid den chéad uair mí feabhra 2012 – an Ghealóg Ghiolcaí (Reed Bunting). Ó na cleití orthu is éin óga iad – mar sin caithfidh go bhfuil siad ag déanamh go maith ar thalamh na scoile!
Sa dara pictiúir tá feithid á ithe ag ceann amháin, agus bhí síolta féir á ithe ag ceann eile. Mar sin, cén cineál éan í an Ghealóg Ghiocaí – carnabhóir, luibhiteoir nó uiliteoir?
Cliceáil anseo chun breathnú ar an bpost a scríobh muid futhu cúpla bliain ó shin.
7 thoughts on “Gealóga Ghiolcaí”
ceap mé tá sé uilitheior mar itheann sé plandaí agus anmithe:) 🙂 🙂 🙂 🙂 🙂 🙂 🙂
is uiliteoir iad
Is uiliteoir atá ann
Uiliteoir atá ann!
cheapam is uiliteoir i
ceapaim gur uiliteoir é
Is uiliteoir è mar ithe sè plandaì agus ainmithe.