Tá an Scipeatón ag teacht go luath! Beidh muid ag bailiú airgid don ghrúpa “Speeders” i nGaillimh. Mar sin tá muid ag obair go dian ag cleachtadh – agus ag baint spraoi as! Seo físeán beag ón “obair” ar an gclós! [media id=35]
Daily Archives: January 29, 2013
4 posts
Tá mac léin ó GMIT ag teacht isteach gach seachtain chun an bogearraí Scratch a mhúineadh do R6. Beidh muid ábalta ár gcuid físeáin agus cluichí beaga féin a dhéanamh leis. An-spraoi atá ann!
Chuaigh muid amach chun meastacháin a dhéanamh ar cé chomh fada is a bhí rudaí sa chlós – na línte ar an gcúirt eitpheile, na cuingeacha agus rudaí eile. Rinne muid meastacháin ar dtús, agus ansin d’úsáid muid an roth tomhais agus téip tomhais chun a fheiceáil go cruinn cén […]
D’fhoghlaim muid faoi leictreachas agus cén chaoi ciorcaid a dhéanamh i Rang M. Brian. Rinne muid leictreamhaighnéad, teach solais, agus na soilse tráchta seo. Tá lasc (switch) le trí phointe chun na trí sholas a chur ar siúl díreach mar an gcéanna leis na soilse ar an sráid!