Monthly Archives: April 2012
Rinne Rang a Sé turgnaimh chun an leibhéal stáirse in earraí éagsúla a thomhas. Rinne siad an cuid is mó de na tástálacha ar bhia ach rinneadh roinnt ar earraí scoile ar nós pháipéar, ghliú, phéint agus pháipéar freisin. Ba spéisiúil na torthaí a bhí againn.
Roghnaíodh an pictiúr seo, le Caron Ó Riain/ Rang Sé, don chéad áit san Chomórtas Ealaíne a eagraíodh mar chuid den obair náisiúnta atá ar siúl idir na scoileanna Buí ar fad. Tá muid ag súil go mór le bronnadh na nduaiseanna nuair a fhaigheann muid ár mBrat Buí.
Fuair muid nuacht iontach inniu – bhuaigh rang M. Caroline agus rang M. Brian an comórtas Cár Raidió rang 1-3 sna comórtais Seachtain na Gaeilge! Bhí scoileanna ar fud na tíre páirteach sa gcomórtas agus is mór an onóir don scoil é! Tá ríméad orainn! Rang M. Caroline and rang […]
Beidh comórtas luthchleasaíochta na gCluichí Pobail ar siúl i Bushfield ar Déardaoin, 19ú Aibreán, ag tosú ag 6 i.n. Oscailte do pháistí ó Bhaile Locha Riach, Cillín na Díoma agus Liatroim, aoiseanna F8 go F16. Clárú ar siúl ag 5.30i.n. The Community Games athletics competition will take place at Bushfield […]