Tá neart oibre déanta againn chun ár gcuilt phíosála a dhéanamh don Mhórshiúil agus d’ár gcuairt ar Áras an Uachtaráin. Beidh pictiúir thuas go luath den chuilt chríochnaithe.
Monthly Archives: March 2012
Tháinig cúig shicín amach ó na uibheacha aréir agus ceann eile i rith an lae inniu!! Faraor, tá ceann i ndiaidh teacht amach le cupla nóiméad anuas agus tá rud éicint cearr lena himlecán. Bhí muid ag caint leis an tréadlia agus ní cheaptar go mairfidh sé. Seo na hainmneacha […]
~Bíonn iománaíocht ag an bhfoireann scoile gach Máirt ag 8.10am!!! Maith sibh don fhoireann ar fad a bhí i láthair an tseachtain seo chaite agus feicfidh muid amárach sibh!!
Bhí Lá na Leabhar den scoth againn. Chuaigh cuid againn chuig an leabharlann agus mar iontas tugadh cuireadh dúinn dul go Hopes. Ní cosúil le monarchan Willly Wonka a bhí sé. Ní raibh oiread is Oompa Loompa amháin ag obair ann ach chonaic muid Rolla Éilbhéiseach (Swiss Roll) an-fhada!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!!
Míle buíochas do Ruairi agus Oisín a ghlac na pictiúir seo don bhfeachtas Greenwave. Síol froganna agus sabhaircíní atá iontu. Is i sléibhte Sliabh Eachtaí a ghlac siad na grianghraif. Téigí go http://www.greenwave.ie chun tuilleadh eolais a fháil. Anois i mí an Mhárta, bígí ag faire amach i gcomhair bachlóga […]
Bíonn beagnach an scoil ar fad ag scipeáil chuile lá ar an gclós. Bhí ár Scipeatán ar siúl ar an 29ú Feabhra. Bhí ar gach rang páirt a ghlacadh, bhailigh muid airgead do charthanachtagus lean páistí ar aghaidh ag scipeáil don lá ar fad! Éist leis an rím scipeála iontach […]