Comhghairdeas leis an bhfoireann iománaíochta. D’imireadar an chéad chluiche sa chomórtas idirscoile agus bhuadar 9:15 in aghaidh 0:0 ar fhoireann Dhún Dhoighre. Cluiche aontaobhach go leor a bhí ann ach fós bhaineadar an-tairbhe as. Imreoirí an chluiche: Malachaí agus Paddy.
Daily Archives: April 15, 2011
4 posts
Dé Máirt seo chugainn beidh na Giúdaigh ag déanamh comóradh ar Phesac nó Cáisc na nGiúdach. I rith na féile sin cuimhnítear ar scéal Moses agus an tÉalú ón Éigipt. Dhear na Naíonáin pictiúir chun an scéal a insint.
An tseachtain seo chuir muid síólta chun píseanna milse a fhás. Tá súil againn go mbeidh siad ann i ndiaidh na Cásca.