Comhghairdeas leis an bhfoireann iománaíochta. D’imireadar an chéad chluiche sa chomórtas idirscoile agus bhuadar 9:15 in aghaidh 0:0 ar fhoireann Dhún Dhoighre. Cluiche aontaobhach go leor a bhí ann ach fós bhaineadar an-tairbhe as. Imreoirí an chluiche: Malachaí agus Paddy.
Monthly Archives: April 2011
Dé Máirt seo chugainn beidh na Giúdaigh ag déanamh comóradh ar Phesac nó Cáisc na nGiúdach. I rith na féile sin cuimhnítear ar scéal Moses agus an tÉalú ón Éigipt. Dhear na Naíonáin pictiúir chun an scéal a insint.
An tseachtain seo chuir muid síólta chun píseanna milse a fhás. Tá súil againn go mbeidh siad ann i ndiaidh na Cásca.
Bhí Rang III/IV ag foghlaim an t-Amhrán Náisiúnta le déanaí. Chomh maith le sin, bhí Eibhlín (RIV) sásta an t-amhrán a sheint dúinn ar an mbosca ceoil! Mo cheol thú!
Tá muid tar éis a lán a dhéanamh le timpeallacht na scoile i mbliana. Tá áiteanna fiáine d’fheithidí agus mionbheithigh, chomh maith leis na crainn dúchasacha a bhí againn cheanna. Anois tá áit nua do chuile rang i gcomhair glasraí agus plandaí eile. Chuir muid roinnt síolta ar an Aoine. […]
Tháinig buachaillí Ghaelscoil Riabhach sa dara áit i gcomórtas lúthchleasaíochta Manning a bhí eagraithe ag Cumann Lúthchleasaíochta Bhaile Locha Riach ar an gCéadaoin seo caite. D’éirigh le na cailíní an cheathrú háit a bhaint amach. Ghlac deich scoil páirt sa gcomórtas agus tá muid an-bhródúil as an éacht atá […]
Bhí comórtas sacair againn i nGaillimh inniu. Bhuaigh foireann na gcailíní ceann dá gcluichí agus bhí siad an-ghar sna cinn eile. Bhuaigh foireann na mbuachaillí thar gach foireann eile ina ngrúpa ach chaill siad sa mbabhta ceathrú-cheannais 1-0. Bhí Saoirse agus Eoghan go hiontach mar na cúl báire agus d’imir gach […]