Daily Archives: December 22, 2010
Chuaigh muid go dtí an leabharlann Dé Céadaoin seo caite. Léigh scéalaí scéal duinn faoi ainmhithe agus na fuaimeanna a dhéanann siad. Léigh muid féin cúpla leabhar agus dhathaigh muid pictiúir. Bhain muid an-sult as!
Bhí Naí mhóra agus Rang a 1 ag bácáil san rang inné. Rinne siad buachaillíní sinséar! Bainigí triail as sa bhaile! Teastaíonn 12oz plúr, 4oz im, 4oz siúcra donn, ubh amháin agus 2 tspúnóg sinséar. Bainigí taitneamh as!
Gníomhachtaí – tá foghlam fuaimeanna na litreach níos tábhachtaí ná ainmneacha na litreach. Sna Naíonáin Bheaga foghlamaíonn na gasúir na litreacha, leis an bhfuaim agus an gníomh a bhaineann leis. Ní mór iad a cleachtadh go rialta sa mbaile agus labhairt leis an múinteoir má bhíonn fadhbh agaibh. The Actions […]
Éistigí anseo lenár bPodchraoladh Nollag! Nollaig Shona ó chuile dhuine i nGaelscoil Riabhach! [media id=4 height=20]