Monthly Archives: December 2010
Chuaigh muid go dtí an leabharlann Dé Céadaoin seo caite. Léigh scéalaí scéal duinn faoi ainmhithe agus na fuaimeanna a dhéanann siad. Léigh muid féin cúpla leabhar agus dhathaigh muid pictiúir. Bhain muid an-sult as!
Bhí Naí mhóra agus Rang a 1 ag bácáil san rang inné. Rinne siad buachaillíní sinséar! Bainigí triail as sa bhaile! Teastaíonn 12oz plúr, 4oz im, 4oz siúcra donn, ubh amháin agus 2 tspúnóg sinséar. Bainigí taitneamh as!
Gníomhachtaí – tá foghlam fuaimeanna na litreach níos tábhachtaí ná ainmneacha na litreach. Sna Naíonáin Bheaga foghlamaíonn na gasúir na litreacha, leis an bhfuaim agus an gníomh a bhaineann leis. Ní mór iad a cleachtadh go rialta sa mbaile agus labhairt leis an múinteoir má bhíonn fadhbh agaibh. The Actions […]
Éistigí anseo lenár bPodchraoladh Nollag! Nollaig Shona ó chuile dhuine i nGaelscoil Riabhach! [media id=4 height=20]
Inniu an lá is giorra den bhliain agus i ndiaidh inniu tosnóidh na laethanta ag éirí níos faide. Agus an ghriain ag éirí ar maidin tháinig daltaí ar scoil ina n-éadaí codlata.
Tá sé an-fhuar ar maidin, bhí sé -8 céim celsius i gcarr M.Brian! Ní théann éinne amach mar nach bhfuil aon áit gan sneachta ar an gclós. Malachaí, Rang 6
Tá Rang M. Brian ag déanamh oibre ar chruthanna 2T (2D shapes) faoi láthair. D’úsáid muid tangraim chun na cruthanna Nollag seo a dhéanamh. Céard a cheapann tú?
iHola a todos! Tá teanga nua á fhoghlaim ag páistí Rang III agus Rang IV – an Spáinnís! Go dtí seo, tá neart frásaí deasa, amhráin agus nathanna cainte ar eolas againn! Bígí ag foghlaim linn! iHasta luego! RIII / RIV – Los números: Uno, dos, tres, cuatro, cinco, seis, […]