An tseachtain seo bhí muid ag foghlaim faoi cén ábhar is fearr a d’fhéadfaí a úsáid chun cóta a dhéanamh. Rinne na páistí an turgnamh seo leanas sa rang. Bhain siad an taitneamh as.
2016/2017
Rinne rang a trí turgnamh eolaíochta ar an Déardaoin. Bhíomar ag obair i ngrúpaí agus bhí a c(h)úram féin speisialta ag gach duine sa ghrúpa. Táimid ag súil go mór lenár gcéad thurgnamh eile:
Bhí an-mhaidin ag rang a dó agus ag rang a trí ag déanamh gleacaíochta. Tá an comhoibriú idir an dá rang thar moladh beirte:
Tá Rang2 tar éis foghlaim faoin Sean Eigipt let cúpla seachtain anuas. Chun críoch a chur leis chruth muid ár bpiramidín beag féin 🙂
Seo cúpla pictiúr eile ón bhFéile Eolaíochta i nGaillimh ag an deireadh seachtaine – buíochas le Enda O’Connell ó Reel Life Science agus OÉ Gaillimh.
Bhí Rang a 4 ag foghlaim faoi domhantarraingt agus brú aeir san Eolaíocht le déanaí, agus rinne siad héileacaptair páipéir. Ar ndóigh, bhí orthu triail a bhaint astu!
Tá an-áthas orainn a rá gur bhuaigh Rang 4 an comórtas Reel Life Science i mbliana! Is comórtas náisiúnta é seo d’fhíseáin Eolaíochta. Rinne Rang 4 a bhfíseán bunaithe ar an agallamh a chuir siad ar an spásaire NASA Ron Garan cúpla mí ó shin. D’fhógair siad na buaiteoirí an […]
Tá ranganna 2 agus 3 ag obair le chéile ar gearr chúrsa gleacaíocht faoi láthair. Tá muid ag forbairt sraitheanna le taisteal agus stadiúr. Seo roinnt phictiúr den ár ‘stadiúra beirte’ inniu. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh siad spéisiúl agus cothrom. Meas tú ar eirigh linn?