Bhí na Naíonáin mhóra ag foghlaim faoin saol ré a bhíonn ag froganna. Thug cailín amháin síol frog isteach san rang chun go mbeadh seans againn ar fad iad a fheiceáil.
2013/2014
Le déanaí bhí muid ag obair ar airgead agus ar am. D’éirigh go hiontach leo. An bhfuil a fhios ag éinne cén mhéad cent atá i Euro amháin? Cén mhéad nóiméad i uair a chloig?
Do “Chéadaoin Coinchréiteach”, rinne muid meaisín darb ainm “Scriú Archimedes” inniu – gléas a rinne Archimedes os cionn 2000 bliain ó shin chun uisce a phumpáil in airde. Rinne muid ár gcinn féin as pasta agus clingfilm. Nuair a chas muid an píosa pasta, phioc sé suas gráinní salainn agus […]
An tseachtain seo caite bhí na páistí gnóthach ag foghlaim faoi seanfhocail. Tharraing siad pictiúirí do na seanfhocail difriúla. D’éirigh go hiontach leo. An bhfuil aon seanfhocail eile ar eolas ag éinne??
Bhí chuile dhuine ag scipeáíl inniú chun airgid a bhailiú don scoil nua! Chuir muid Tweet amach leis an bpictiúir seo agus rinne Ciaran Cannon Retweet leis!
Is ag cniotáil atá muid faoi láthair don Ealaín, agus tá muid ar fad in ann dó anois! Tá muid chun a lán paistí a dhéanamh – meas tú céard ba chóir dúinn a dhéanamh leo?
Tá muid ag cniotáil agus ag foghlaim scileanna eile a baint úsáide as olann. Ceann de na rudaí a d’fhoghlaim muid ná cén chaoi banda rosta a dhéanamh. D’fhoghlaim na múinteoirí an scil seo ar an turas Comenius san Ungáir! Shochraigh muid banda a dhéanamh do chuile pháiste sa scoil […]
Faoi láthair tá muid ag déanamh scipeáil mar chuid dár gcorpoideachas. Tá na páistí ag baint an-taitneamh as.
An tseachtain seo le linn na staisiúin Mata rinne muid obair ar chruthanna 3T, táblaí, deicheanna agus aonaid agus d’imir muid an cluiche Ceangal 4.