Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Chris Hadfield ag caint linn ar Twitter!

TwitterHadfield

 

Do “Chéadaoin Coinchréiteach”, rinne muid meaisín darb ainm “Scriú Archimedes” inniu – gléas a rinne Archimedes os cionn 2000 bliain ó shin chun uisce a phumpáil in airde. Rinne muid ár gcinn féin as pasta agus clingfilm. Nuair a chas muid an píosa pasta, phioc sé suas gráinní salainn agus tháinig siad amach as barr an phíosa pasta – díreach mar a rinne Archimedes fadó le huisce!

Ghlac muid cúpla pictiúr agus shochraigh muid ceann a chur mar tweet. Rinne muid tweet i nGaeilge agus ansin ceann eile as Béarla. Bhí áthas an domhain ar na paistí nuair a d’fhreagair Chris Hadfield, an spásaire cáiliúil muid! Tá os cionn milliúin leantóirí aige agus chonaic siad ar fad ár dturgnamh eolaíochta!

 

6 thoughts on “Chris Hadfield ag caint linn ar Twitter!”

Comments are closed.

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading