Tá muid ar bís faoin ár gáirdín beag nua. Anois is féidir linn siúl amach ár doras féin go dtí áit srianta sábháilte chun obair nó spraoi le chéile. Thapaigh muid an deis inniu faoin ngrian. Ag tnúth go mór leis an earrach!
Rang Speisialta
Bhí an spraoi ag rang M. Eilís ag réitiú do oíche shamhna. Mhaisigh muid ár seomra agus chruthaigh muid roinnt maisoúcháin le togáil abhaile fresin. Ag an deireadh bhí spraoi iontach céadfaí againn le glóthach amuigh ar an gclós!
Tá roinnt páistí i Rang Múinteoir Eilís a bheidh le feiceáil ar an stáitse lena ranganna baile ach fresin tá roinnt nach bhfuil in ann de sin go fóill. Toisc gur cuid lárnach don scoil muid bhí muid ag iarraidh go mbeadh gach uile dalta sa seó. Mar sin réitigh […]
Bhaineamar an-taitneamh as seachtain mhata. D’oibrigh muid ar uimhreacha agus cruthanna comh maith le patrúin agus dathanna. Cruthaith páiste amháin slabhra an-fhada agus rinneamar comórtas ag tomhais an fad. Ar deireadh bhí sé 17.35m!
Tá ár rang nua tosaithe le seisiúr páistí. Tá muid ar fad ag cur aithne ar a chéile agus ar an scoil. Tá sé go hálainn an cuí atá páistí na scoile ag cur fáilte roimh na scoláirí nua 😀