oifig
Tháinig Joe Comnolly, laoch imeartha Gaillimheach a bhí mar chaptaen nuair a bhuadh Craobh na hÉireann i 1980. Labhair sé linn faoina óráid cháiliúil agus faoi scileanna foirne agus ceannaireachta: mórtas cine, dea-shampla, cumarsáid, meas agus go leor eile
Comhghairdeas leis an gceathrar daltaí ó Ghaelscoil Riabhach a ghlac páirt ar son na scoile i gCeolchoirm san gCeoláras Náisiúnta ar an Domhnach. D’eirigh go hiontach leo!
Comhghairdeas leis an gcoiste a bhí i gceannas ar an obair bhithéagsúlachta le dhá bhliain anuas. Brat Glas eile bainte amach againn!! An-obair curtha isteach ag ‘chuile páiste sa scoil.
School is important because…. Bhuaigh Arwen i Rang 6 duais náisiúnta i gcomhair póstaer faoin tábhacht a bhaineann le scoil. Rinne ealaíontóir Gaillimheach Gary Walshe leagan tadhlach den phóstaer a bhfuil braille air freisin. Tá comhad fuaime á bhforbairt chun an póstaer a léamh duit.