Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Díospóireacht

Bhí triúr ó Rang Múinteoir Paul ag labhairt inniu i gcomórtas díospóireachta in aghaidh Scoil Náisiúnta Mearaí. An rún a bhí ós a gcomhair ná “Every person in Ireland should be given a bike.” Labhair na daltaí in aghaidh an rúin. Ní raibh ach triúr dalta ag labhairt inniu ach, tá an rang ar fad tar éis go leor oibre agus taighde a dhéanamh ar feadh coicíse. Chuir na daltaí suirbhé ar na tuismitheoirí / caomhnóirí sa mbaile, rinne siad taighde ar líne agus, bhí bréag-díospóireacht sa rang chomh maith. Comhghairdeachas leis an bhfoireann! Bhuaigh Gaelscoil Riabhach inniu agus beidh muid ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad díospóireacht eile. Maith sibh a pháistí!

Three pupils spoke today from Rang Múínteoir Paul in a debating competition against Maree NS. The motion was “Every person in Ireland should be given a bike.” The pupils spoke against the motion. Only three pupils spoke today but it was a team effort. All of the pupils in the class worked hard over the last fortnight. The pupils created and conducted a survey on their parents / guardians at home, they completed research online and, there was a mock-debate in the classroom as well. Congrats to everyone involved! Gaelscoil Riabhach won today and we will be moving onto the next round. Maith sibh a pháistí!

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading