Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Lá Uisce

Bhí Lá Uisce ar an 22ú Márta. Seo píosaí a scríobh na daltaí ar an gCoiste Glas mar gheall air.

Rinne an Choiste Glas róbat darb ainm ‘Bobilítir’ as 28 cartúin 1L bainne agus chuir muid san Fháiltiú é. Is é 28L an méid uisce a úsáideann gach pháiste ar scoil gach seachtain.

Bhí cead ag na páistí gléasadh suas in éadaigh gorma nó téama uisce.

Bhailigh muid riar leabhar ón leabharlann scoile ag rinne muid taispeántas in aice leis an staighre. Bhí cead ag na naíonáin iad a léamh sa rang lena mhúinteoir. Bhí a lán craic agus spraoi againn ar lá uisce.

Ella & Ciara

Inniu Lá Uisce. Rinne muid siúlóid uisce timpeall an scoil. Rinneamar an siúlóid mar gheall ar na páistí timpeall an domhan a caithfidh siúl i bhfad níos faide ag iompar i bhfad níos mó uisce ná muidne. Tá an t-ádh orainn nach gcaithfimid ach an sconna a cur ar siúl chun uisce a fháil.

Nathan & Oisín

Caith gach duine sa scoil vóta don mana nua scoile maidir le uisce a chosaint. Faoi dheireadh bhí an bua ag ‘Sconna As – Domhan Glas!’ le 97 vóta. Beidh muid ag obair ar an mana sin a cur i mbéal pobail na scoile sa téarma atá amach romhainn.

Callum

Chuaigh muid síos go dtí ‘Na Siúlóidí’ chun bruscar a bhailiú. Bhí an aimsir go deas agus bhí an áit níos deise nuair a bhí muid críochnaithe

Maith sibh Coiste Glas – an obair curtha isteach agaibh!

%d bloggers like this: