Bhí muid an-ghnóthach an tseachtain seo caite ag foghlaim faoi bia. Scríobh muid liostaí siopadóireachta. Tá feabhas mór ag teacht ar ár gcuid scríbhneoireachta.
Monthly Archives: January 2022
Bhí gach rang sa scoil ag obair le rang eile don mhí seo chun fad maratón a rith! Bhí Naíonáin Mhóra ag obair le Rang a cúig. Bhí orainn 16km a rith agus bhí ar Rang a 5 26km a rith. Sin 42km san iomlán!! Chríochnaigh muid ár gcuid […]
Tá Rang a 5 ag úsáid Minecraft Education Edition chun foghlaim faoi Stair, Tíreolaíocht agus Eolaíocht. Rinne muid mionsamhail fíorúil de Bhaile Locha Riach in am na Normannach! Féach air anseo! Rang a 5 are using Minecraft Education Edition to study History, Geography and Science. We made a virtual model […]
Tá grúpaí Póil ag foghlaim le hairgead: Ag sortáil bonn, ag comhaireamh i 10anna, 5anna agus 2anna, ag suimiú, ag dealú agus ag roinnt. Agus neart spraoi ag an am chéanna. Bígí ag tapú gach deis sa mbaile airgead a úsáid le chéile! [ngg src=”galleries” ids=”8″ display=”photocrati-nextgen_basic_thumbnails” thumbnail_width=”240″ thumbnail_height=”160″ thumbnail_crop=”0″]
I seomra ranga Naíonáin Mhóra tá muid ag foghlaim faoi tithe na laethanta seo. Pléigh muid na tithe éagsúla ina bhfuil cónaí ar dhaoine. San ealaín cruthaigh muid an sórt teach ina bhfuil cónaí orainn féin ag baint úsáide as fabraic. Nach bhfuil siad go hálainn?
Tá ollmhargadh mar téama sa seomra Aistir na laethanta seo. Tá na páistí ag foghlaim faoi airgead, conas liostaí siopadóireachta a scríobh agus conas comhrá a bheith agat san ollmhargadh idir custaiméir agus an siopadóir agus an foclóir nua a bhaineann le bia agus an t-ollmhargadh.
An tseachtain seo tá muid ag díriú ar an uimhir 9 i Naíonáin Mhóra. Rinne na páistí patrúin ag baint úsáid as 9 rud.