An tseachtain seo caite rinne muid coinnleoirí déanta as cré.
Ar dtús rinne muid liathróid leis an gcré.
Ansin d’úsáid muid ár ordóga chun poll a dhéanamh sa lár.
D’úsáid muid méar agus ordóg chun an pota a dhéanamh níos mó.
Nuair a bhí siad déanta, d’fhág muid na potaí ar feadh cúpla oíche chun iad a thriomú.
Phéinteáil muid iad in sna dathanna is fearr linn.
Nach bhfuil siad go hálainn!!