Bímid ag cur lenár straitéisí drámaíochta go minic. Chuireamar ‘íomhánna reoite’ le chéile i ngrúpaí beaga. Chabhraigh an próiséas seo linn comhdhiriú a fhorbairt, ár samhlaíochta a úsáid agus comhoibriú le páistí eile. An féidir leat oibriú amach cad atá ar siúl sna híomhánna thíos?
Daily Archives: November 2, 2021
Chuireamar radharcanna drámatúla le chéile i ngrúpaí beaga. Bíonn ceacht drámaíochta againn gach seachtain. Cabhraíonn drámaíocht go mór linn comhoibriú le páistí eile, Gaeilge a chleachtadh i suíomh spraíúil agus scileanna drámatúla a fhorbairt.
D’fhoghlaimíomar faoi chróineolaíocht i scéalta. D’aimsíomar tús, lár agus deireadh i go leor scéalta. Ansin, chruthaíomhar ár scéalta féin i ngrúpaí agus rinneamar cur i láthair faoi na scéalta os comhair an ranga. Scéalta greannmhara, suimiúla a bhí iontu!:
Tá an-taithí ag rang a dó a bheith ag éisteacht le ceol agus ag freagairt dó. D’éistíomar le Die Moldau le Smetana agus Morning Mood le hEdvard Grieg. An an am céanna, chruthaíomar lenár lámha.
Bímid ag comhaireamh i nGaeilge agus is féidir linn na huimhreacha a chur in ord. Is muidne na huimhreacha uaireanta!