Gaelscoil ilchreidmheach i mBaile Locha Riach – Multidenominational primary school in Loughrea

Ar lobh sé?

Gach bhlian i rang 2 déanann muid staidéar ar rudaí éagsúla agus an bith-díghrádáil. Go hiondúil mhaireann an togra coicís. I mbliana idir an Nollaig agus an scoil dúnta bhí na rudaí san ithir ar feadh i bhfad níos mó ama. Shocraigh muid iad a fhágáil go dtí Lá Domhanda (Déardaoin 22ú Aibreáin). Bhí siad in ithir tais, teolaí sa seomra ranga ar feadh 6 MHÍ!

Seo a d’fhoghlaimear:

Bhí na rudaí nádúrtha (croíleacán úll agus craiceann banana) beag ná mór imithe. Cheap muid go raibh muid in ann síolta an úll a fheiceáil.

Bhí an píosa beag nuachtán stróichthe agus an-bhog. Ár dtuarim ná go mbeadh sé imithe i gceann 6 mhí eile.

Seachas rúinín beag ithir orthu, bhí na rudaí seo díreach mar a bhí siad an lá a chuir muid sa talamh iad. Cheap muid gur féidir iad a ní agus a ath-úsáid.

Scanraigh sin muid faoin méid rudaí sin atá muid ag úsáid gach lá agus muid ag líonadh an domhan le dramhaíl mar seo. Bhí an tionscadal phracticiúl i bhfad níos éifeachtach ná gnáth cheacht chun é sin a shoiléiriú dúinn!

Discover more from Gaelscoil Riabhach

Subscribe now to keep reading and get access to the full archive.

Continue reading