Tháinig an nuacht do-chreidte le déanaí gur bhuaigh an físeán a rinne Rang a 4 AN CHÉAD ÁIT IN ÉIRINN sa chomórtas Reel Life Science don bhliain seo! Tá áthas agus bród an domhain orainn! Sa chomórtas seo déanann páistí agus scoileanna ar fud na tíre físeáin eolaíochta ar a rogha ábhar. Rinne Rang a 4 a bhfíseán faoin gcroí, agus bhuaigh siad €1000 don scoil! Tá muid chun an t-airgead a úsáid le hachmhainní eolaíochta a cheannach le gur féidir le gach duine tairbhe a bhaint as an nuacht iontach seo!
Recently we received the unbelievable news that Rang a 4 won FIRST PRIZE in the nationwide video competition Reel Life Science! Our video about the heart was judged the very best in Ireland at primary level! We’ll be spending the €1000 prize money on more science equipment for the school so everyone can benefit from our great news! You can see our award-winning video below!