Fáilte chuig rang nua, seomra nua agus múinteoir nua 🙂
Cheap mé go mbeadh sé úsáideach cúpla griangraf a roinnt libh go mbeadh aithne agaibh ar an áit an seachtain seo chugainn.
Seo mise…
Beidh mé ag caitheamh masc ar scoil. Seo mise le mo mhasc.
Beidh sibh ag teach isteach an príomh doras le gach duine eile agus suas an staighre. Seo ár seomra:
Beidh na deascanna mar seo agus beidh d’ainm ar do dheasc. Tabharfaidh mé cúnamh duit d’áit a aimsiú.
Nuair atá muid ag dul amach beidh muid ag úsáid an cúl staighre (nár úsáid éinne ariamh!) agus an doras in aice leis an naíonra. Beidh mé libh i gcónaí.
Beidh áit spesialta againn le haghaidh spraoi sa chlós – tá sé i bhfad ón áit a raibh sibh anuraidh agus ní bheidh sibh ag meascadh le ranganna eile. Féach ar na cluichí atá marcáilte ar an talamh 🙂 Beidh roinnt breagáin ann fresin.