Bhí muid ar bís faoin cuairteoir a tháinig go dtí an scoil i rith Seachtain Eolaíochta. Bhí ceardlann K’Nex againn. Chruthaigh muid an t-uafás agus bhí muid comh spreagtha go bhfuair muid K’Nex don rang tar éis an ceardlann 🙂
Monthly Archives: January 2020
Mar chuid de seachtain spáis d’fhoghlaim faoi cé comh mór is atá an Ghrianchóras. Seo ‘grianchóras i do phóca’ a léiríonn cé comh fada is atá na plainéid ar fad ón ngriain. An triú spota beag ag an barr, díreach in aice leis an ngriain – sin ár Domhan!
Chuaigh Rang 2 ar turas go Gaillimh i mí Dheireadh Fómhair chun freastal ar an féile ealaíona do pháistí Baboró. Chonaic muid seo iontach damhsa ón Alba ab ainm Tiger Tale. Ní raibh cead againn aon griangraf a ghlacadh i rith an seó ach mhí sé ar fheabhas! Tar éis […]
D’fhoghlaim muid faoi aer agus an chaoi a méadaíonn sé le teas. Chun é a thaispeáint, chuir muid an balún seo ar búidéal agus an buidéal isteach in uisce the. Tar éis cúpla nóiméad bhí ríméid orainn an balún a fheiceáil ag líonadh suas leis an aer the 🙂
Rinneamar am-líne dínn féin! Seo Rang 2 in ord breithe ón duine is óige go dtí an duine is sine. Mar cur i gcuimhne dúinn féin rinneamar bratach beag don duine le cur síos orainn féin agus ansin chuir muid le chéile iad mar ‘bunting’ staire sa seomra.