Chuir na gasúir síolta biolair an Luan seo caite agus féach orthu anois! Is féidir le síolta biolair fás gan ithir ach tá solas na gréine agus uisce ag teastáil uatha. Chuireamar na síolta in olann chadáis. Táimid ag súil go mór leis an mbiolar a chur inár gceapairí.
Daily Archives: April 30, 2018
1 post