Thug na páistí Béiríní ar scoil leo inniu. Bhí picnic againn thuas ar an bpáirc.
D’imir muid cluichí agus bhí rás na mbéiríní againn chomh maith.

D’fhág muid na teidí ina chodladh nuair a bhí muid ag an tinól.
ACH…..nuair a tháinigh muid ar ais bhí rírá agus ruaile buaile i seomra na naíonán!!!
An bhfeiceann tú na teidí i bhfolach?