Théis am lóin beag inniu rinne muid im sa seomra ranga. Bhí muid théis plé a dhéanamh an lá roimhe faoi céard a bhí ag teastáil uainn chun an t-im a dhéanamh agus an próiséis go raibh muid chun leanacht.
Dhóirt Lauren an t-uachtar isteach sa chrúiscín go dtí go raibh sé timpeall leathlán. Ansin chur Jamie an clúdach ar bharr scriúáil sé go teann air é. Rinne muid ciorcal ansin áit go bhur chuile duine seans an crúiscín a chraith suas agus síos agus muid ag damhsa leis an gceol. Stop muid ag dhá nóimead agus d’fhéach muid ar cén chaoi a raibh ag éirí linn agus arís ag cheithre nóiméad. Ag ocht nóiméad thug muid faoi deara go raibh im déanta againn agus go raibh bláthach againn chomh maith. Bhí muid an-sásta linn féin.