Bhuaigh foireann eitpheile na mbuachaillí craobh na hÉireann!
Our boys’ volleyball team are All-Ireland champions!
Chuaigh an fhoireann go Colaiste Mhuire gan Smál i Luimneach an tseachtain roimh briseadh na Cásca le haghaidh an comórtas Spikeball Uile-Eireann. Bhí foirne eile ann ó chontaetha timpeall na tíre.
Ar dtús, bhí na cluichí grúpa, in aghaidh foirne ó Chill Chainnigh, Corcaigh agus Co. Lú. Bhuaigh Gaelscoil Riabhach na trí chluiche sin agus ar aghaidh leo go dtí na cluichí ceathrú ceannais.
Ón bpointe sin ar aghaidh, cluichí suas go dhá sheit a bhí ann. Ach cé go raibh na cluichí ag éirí níos deacra, bhuaigh muid an ceathrú ceannais agus an leathcheannais gan seit a chailliúint.
Bhí roinnt páistí ar ais sa scoil ag breathnú ar na cluichí ar Skype, anuas ar na páistí a tháinig leis an bhfoireann chun tacú leo! Chabhraigh sé go mór leis an bhfoireann an tacaíocht sin a bheith acu.
Sa chluiche ceannais, chas Gaelscoil Riabhach arís ar an bhfoireann as Cill Chainnigh lenar imir siad sa chéad chluiche. Thaispeáin na buachaillí an-chrógacht agus scil – cé go raibh an fhoireann eile an-mhaith agus chun tosaigh le haghaidh cuid mhaith den chluiche, tháinig foireann na Gaelscoile ar ais faoi dhó chun an dá sheit a bhuachaint agus craobh na hÉireann a thabhairt abhaile leo!
Is imeacht stairiúil é seo i saol na scoile agus ba chóir dúinn ar fad a bheith an-bhródúil as na leaids!