Bhí chuile dhuine ag scipeáíl inniú chun airgid a bhailiú don scoil nua! Chuir muid Tweet amach leis an bpictiúir seo agus rinne Ciaran Cannon Retweet leis!
Monthly Archives: February 2014
Is ag cniotáil atá muid faoi láthair don Ealaín, agus tá muid ar fad in ann dó anois! Tá muid chun a lán paistí a dhéanamh – meas tú céard ba chóir dúinn a dhéanamh leo?
Tá muid ag cniotáil agus ag foghlaim scileanna eile a baint úsáide as olann. Ceann de na rudaí a d’fhoghlaim muid ná cén chaoi banda rosta a dhéanamh. D’fhoghlaim na múinteoirí an scil seo ar an turas Comenius san Ungáir! Shochraigh muid banda a dhéanamh do chuile pháiste sa scoil […]
Seo iad buaiteoirí na scoile don chómórtas náisiúnta atá eagraithe ag ár bpatrún: Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Gaeilge. Maith Sibh! Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi phatrún na scoile ag an nasc seo: http://www.foras.ie/
Faoi láthair tá muid ag déanamh scipeáil mar chuid dár gcorpoideachas. Tá na páistí ag baint an-taitneamh as.
An tseachtain seo le linn na staisiúin Mata rinne muid obair ar chruthanna 3T, táblaí, deicheanna agus aonaid agus d’imir muid an cluiche Ceangal 4.