Monthly Archives: September 2013
D’imir muid cluiche nua inniu ag am gaeilge. Bhí orainn eireaball an asail a fháil agus é a chur ar ais air. Bhí amhrán beag againn le dul leis an gcluiche freisin.
Bhí muid ag suimiú uimhreacha le chéile an tseachtain seo. D’imir muid cluiche ar an ríomhaire agus rinne muid cluichí i ngrúpaí.
Tá Rang 4 + 5 an-sásta inniu! Shocraigh na páistí teachtaireacht Twitter a scríobh chuig Dara Ó Briain faoin micreascóp a rinne muid i rith na seachtaine (clic anseo leis sin a fheiceáil), le cuntas Twitter na scoile. Tá os cionn milliún go leith leantóirí twitter aige – Mar sin, bhí […]
Ghearr muid amach pictiúir éagsúla agus bhí orainn iad a chuir sa tacair ceart! Bhí muid iontach sásta leis na torthaí! Ansin sórtáil muid na breagáin ar fad! Thaithin sé linn ag obair i mbeirteanna freisin 🙂
An tseachtain seo sa Ghaeilge, bhi na páistí an-gnóthach ag léamh. Bhí siad ag imirt cluichí cuimhne leis na radharc fhocail, bhí siad ag cuir abairtí le chéile. Bhí sár-obair ar siúl acu.
D’oibrigh Rang a hAon go dian ar an Mata i rith na seachtaine. Bhí siad ag obair leis na cláracha bána agus na ciúbanna. Bhain siad an-taitneamh as an obair. Maith sibh ar fad!