Tá Múinteoir Adrian,Múinteoir Pól agus Aogán ag fás crioméal le haighaidh Movember.Beidh siad ag bailiú airgid le haghaidh Cumann Ailse na hÉireann. Ceapann muid go bhfuil an croiméal is fearr ag M.Pól. Nathan, Neil agus Alex (Rang 5)
Yearly Archives: 2010
Tá an Grúpa Timpeallachta (Rebekah, Ella, Caron, Amy, Caitlin agus Jewel) ag coinneáil an scoil glan. Inniu bhí muid ag scuabadh na duilleoga ón bhféar. Inné rinne muid an cón glas. Déanfaidh muid níos mó an tseachtain seo chugainn! Rebekah agus Caron, rang 5
Comhghairdeas lenár n-iarscoláirí Emma Rosbotham-Ward and James Mac Griogair a tháinig sa dara áit sa gcomórtas díospóireachta ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne, Co. Chiarraí. ‘Sé féile náisiúnta na Gaeilge í an tOireachtas agus tá muid an-sásta daltaí d’ár gcuidse a fheiceáil ag dul ar aghaidh mar chinnirí i […]
Bhí “Lá Gorm UNICEF” againn inniu. Chaith muid éadaí gorm agus bhailigh muid €120 do UNICEF chun cearta na bpáistí timpeall an domhain a chur chun cinn!
Bhí na páistí agus na múinteoirí ar fad an-ghnóthach le déanaí ag ullmhú don Seó Samhna sa Halla Temperance. Éist leo ag déanamh cleachtadh agus ag caint faoin seó ar Raidió Riabhach sa bPodchraoladh speisialta seo. [media id=3 height=20]
Inniu an Mháirt. Tá sé grianmhar inniu. Beidh muid ag déanamh chluifí chlóis inniu. Beidh muid ag déanamh chleachtadh d’ár seó freisin. Slán ó na Naíonáin Bheaga.
Ba Sheachtain Mata í an tseachtain seo caite. Rinne R 5 agus 6 Suirbhé Scoile. D’fhiafraigh muid de na páistí eile faoi a n-ainmhithe is fearr. Chuir muid ceisteanna chomh maith faoi cé chomh glan is atá an scoil, agus ar chuala siad riamh faoin mBrat Glas. Seo na torthaí […]
Bhuaigh Bébhinn, Rachel agus Saoirse duaiseanna sa gcomórtas filíochta “Baffle”, chomh maith leis na páistí i rang M. Déaglán agus Aoibheann i rang M. Adrian. Seo a gcuid dánta: Dán Bébhinn Is breá liom a bheith ag rothaíocht, is breá liom a bheith ag snámh, Is breá liom a bheith le […]
Bhí muid ag déanamh go leor cleachtadh san rang inniu. Rinne muid iarracht ár línte ar fad a bheith ar eolas againn!! Beidh muid ag cleachtadh gach lá anois agus beidh muid ag cleachtadh leis na héadaí amárach.