Nótaí / Notes for the teacher:
Bíonn cumarsáid leis an múniteoir ranga fíor-thábhachtach. Má fheiceann do pháiste thú ag úsáid Gaeilge leis an múinteoir is comhartha láidir é dóibh faoin tábhachtach a bhaineann le scríobhneoireacht agus leis an nGaeilge.
Communication with the class teacher is very important. If your child sees you using Irish with the teacher this is a strong signal to your child of the importance of writing and the importance of the Irish language.
Samplaí/ Examples:….cuirfidh muid leis i rith na bliana….we’ll add to it over the year…by writing a note in Irish it doesn’t mean it will be an all-Irish note back…so don’t worry….give it a go!
- Níl aon obair bhaile déanta ag Órlaith.
Órlaith didn’t do her homework. - Níor bhraith sí go ró-mhaith nuair a tháinig sí abhaile ón scoil.
She didn’t feel too well when she came home from school. - Chaith sí an trathnóna sa leaba
She spent the evening in bed. - Déanfaidh sí anocht é
She will do it tonight. - Ní raibh Úna ar scoil inné mar bhí a scornach an-tinn
Úna wasn’t in school yesterday because her throat was very sore. - Beidh Caoimhe as láthair ón scoil ó 9 Samhain go dtí 24 Samhain.
Caoimhe will not be in school from November 9th to November 24th. - Beidh sí ag dul faoi scian in ospidéal na Gaillimhe chun a céislíní a bhaint amach.
She is having an operation in UCHG to have her tonsils taken out. - Beidh Bríd as láthair amárach (8 Meitheamh 2008) mar beidh uirthi dul go dtí an t-ospidéal chun an plástar a bhaint dá cos.
Bríd will not be in school tomorrow (June 8, 2008) as she has to go to the hospital to get the plastar on her leg removed. - Beidh Aoife déanach ag teacht ar scoil amárach (18 Meán Fómhair 2008).
Aoife will be late coming to school tomorrow (18 September, 2008). - Tá coinne aici leis an bhfiaclóir ag 9 rn.
She has an appointment with the dentist at 9 am. - Níl éadaí scoile ar Jack inniu mar gur theip ar an meaisín níocháin. Beidh siad arís amárach. Mo leithscéalta. Jack does not have his correct uniform on today as the washing machine broke down. He will have it tomorrow. Apologies.
- Tá deilgneach ar Chiara. Dúirt an dochtúir liom í a choimeád ón scoil ar feadh coicíse
Ciara has chicken pox. The doctor said to keep her at home from school for a fortnight. - Tá múchadh ar Lúc agus níl cead aige ag rith.
Lúc has asma and he is not allowed to run. - Thit Pádraig anuas ó rothar agus ghortaigh sé a ghlúin. Níl siúl ceart aige go fóill agus tá air maidí croise a úsáid.
Pádraig fell from a bike and he hurt his knee. He can’t walk properly and he has to use crutches. - Bhí na faireoga sa mhuineál ataithe. Ní raibh sé in ann ithe.
His glands in his neck were swollen and he wasn’t able to eat. - Bhris Tomás caol a láimhe agus ní bheidh sé in ann scríobh ar feadh cúig seachtaine.
Tomás broke his wrist and he won’t be able to write for five weeks. - Níl aon obair bhaile déanta ag Oisín. Leag sé cupán tae te anuas air féin. Dódh a lámh agus bhí orm dul go dtí an tAonad Timpiste agus Éigeandála leis. Bhí sé déanach nuair a thángamar abhaile.
Oisín hasn’t done any homework. He knocked a cup of hot tea on himself. He burned his hand and I had to go to A&E with him. It was late when we got home. - Níl aon léitheoireacht déanta ag Lúsaí mar bhí laraingíteas uirthi.
Lúsaí hasn’t done any reading as she had laryngitis. - Tá spotaí dearga ar aghaidh Ríona. Níl said tógálach
There are red spots on Ríona’s face. They are not contagious. - Níl aon litriú déanta ag Gearóidín mar ní raibh an leathanach in a mála
Gearóidín hasn’t done any spellings because the page wasn’t in her bag. - Níl aon Mhata déanta ag Gearóidín mar ní raibh an leabhar in a mála
Gearóidín hasn’t done any maths because the book wasn’t in her bag. - Níor chríochnaigh Peadar a obair bhaile aréir. Bhí sé tar éis uair go leith a chaitheamh uirthi. Níl na habairtí Gaeilge críochnaithe. Críochnóidh sé anocht iad.
Peadar didn’t finish his homework last night. He was after spending 1½ hours on it. The sentences in Irish aren’t finished. He will finish them tonight.