Leis na cúpla seachtaine anuas, tá na páistí i naíonáin mhóra ag díriú ar mórán coincheapa i mata!
Bhí na páistí ag iniúchadh na focail ‘gearr’ agus ‘fada’. Bhí muid ag baint úsáid as an-chuid rudaí sa seomra ranga chun an coincheap seo a fhoghlaim. Faoi dheireadh, d’úsáid na páistí ár gcara ‘Dónall Draíochta’ chun a fhad a thomhas le réimse leathan uirlisí! D’éirigh siad go han-mhaith leis agus bhain siad sult as.
I dteannta le sin, bhí muid ag foghlaim faoin am. Bhí muid ag úsáid ár gcloige féin sa seomra ranga chun cleachtadh a dhéanamh ar na lámha atá ar an gclog, an lámh ghearr agus an lámh fhada. Rinne na páistí sár-obair leis agus thuig siad go bhfuil an lámh ghearr fíorthábhachtach chun an uair cheart a aithint!
Over the past few weeks, the children in senior infants have been focusing on many concepts in math!
The children have been exploring the words ‘short’ and ‘long’. We used lots of objects in the classroom to learn this concept. Finally, the children used our friend ‘Dónall Draíochta’ to measure length with a wide range of tools! They did very well with and really enjoyed it.
Along with that, we have been learning about time. We have been using our own clocks in the classroom to practice with the hands on the clock, the short hand and the long hand. The children did excellent work and understood that the short hand is really important for telling the correct hour!




