Tá Rang a Trí ag baint an-taitnimh as ‘Cluiche an Rí’ na laethanta – cluiche clóis a chumadh sa scoil roinnt bhlianta ó shin. Bíonn neart Gaeilge á labhairt acu agus iad ag caint faoi cé atá istigh, amuigh nó ag bogadh ar aghaidh trí na cearnóga.
Rang 3 are having great fun lately playing ‘Cluiche an Rí’ – a yard game invented at the school several years ago. They get to use a lot of Irish as they talk about who is in, out or moving forward through the squares.
