17/6/20
Go raibh míle maith agaibh as an obair ar fad a rinne sibh sa seomra ranga agus ar líne i mbliana. Ní dhéanfaidh muid dearmad go deo ar an bliain seo! Ach rinne sibh an-mhaith ag déileáil le gach rud agus tá meas mór agam oraibh ar fad.
Ní bheidh tionól againn an tseachtain seo ach beidh searmanas Zoom deireadh na bliana an Déardaoin seo chugainn 25/6/20, ag a 7pm. Bheadh sé go deas gach duine a fheiceáil ann!
Seo obair na seachtaine seo
Muna mbíonn sé déanta agat cheana, LE DO THOIL déan taifead ghearr (10 soicind) duit féin ag rá d’ainm agus ag caint faoi cuimhne deas amháin ó do chuid ama linn i nGaelscoil Riabhach. Ta seo le haghaidh físeán deireadh bliana, mar sin teastaíonn ceann ó gach duine comh luath agus is féidir!
Mata:
Mental Maths Week 35 agus Seaimpín na dTáblaí Seachtain 30.
Corpoideachas: Go Noodle na seachtaine seo: Maximo!
Ealaín: Leanaígí ar aghaidh ag cur ealaín agus ceol chugam!